An Chongóis
Tá an Chongóis ar cheann de na teangacha Bantúcha a labhraíonn an grúpa eitneach a bhfuil cónaí orthu i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, i bPoblacht an Chongó, in Angóla agus sa Ghabúin. Is teanga tonúil í. Bhí sí á labhairt ag go leor acu siúd a fuadaíodh ón réigiún agus a díoladh mar sclábhaithe i Meiriceá. Ar an ábhar sin, cé go bhfuil an Chongóis fós á labhairt sna tíortha thuasluaite, tá foirmeacha criólaithe den teanga le fáil i gcaint dheasghnách na reiligiún Afra-Mheiriceánach, go háirithe sa Bhrasaíl, i gCúba, i bPórtó Ríce, sa Phoblacht Dhoiminiceach agus i Háítí. Tá sí freisin ar cheann d'fhoinsí an Ghullá agus an Phalenquero, teanga chriólach na Colóime. Cónaíonn formhór mór cainteoirí an lae inniu san Afraic. Tá timpeall seacht milliún cainteoir dúchais ann, agus b’fhéidir dhá mhilliún eile a úsáideann í mar dhara teanga.
kikongo | |
---|---|
Cineál | macraitheanga, teanga bheo agus teanga nádúrtha |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 5,016,500 |
Stáit | Poblacht an Chongó, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus Angóla |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Nígir-Congó teangacha Atlantach-Congó teangacha Volta-Congó teangacha Benue-Congó teangacha Bantóideacha teangacha Bantóideacha Deisceartacha teangacha Bantúcha Central-Western Bantu (en) Dingic (en) Kongo-Yaka-Sira (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Cóid | |
ISO 639-1 | kg |
ISO 639-2 | kon |
ISO 639-3 | kon |
Glottolog | core1256 |
Ethnologue | kon |
IETF | kg |