An Craiceann ina Mairim
Scannán scéinséir uafáis, a léirigh Pedro Almodóvar, is ea 'An Craiceann ina Mairim', 'The Skin I Live In, nó La piel que habito' (2011).
Plota cuir in eagar
Glacann Antonio Banderas páirt máinlia ó Mhaidrid atá gustalach agus cultúrtha agus a bhfuil meas ag gach duine air. Sa teach ollmhór atá aige tá obrádlann ina ndéanann sé tástálacha ar Vera, bean álainn atá ina cime aige, nach bhfuil uirthi ach sreabhann teann de dhath craicinn agus a bhfuil a craiceann féin chomh mín le síoda gan smál, gan locht.[1]
Tá an chuma ar an scéal go ngéilleann sí dá géibheann go fonnmhar. Ach i ndeireadh na dála téann sí as a meabhair agus éiríonn sí foréigeanach dá bharr.[1]
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ 1.0 1.1 Club Scannán (2018). "An Craiceann ina mairim" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2021-07-21.
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Is síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |