An Mhuir Shargasach

Réigiún ollmhór san Aigéan Atlantach is ea An Mhuir Shargasach (nó Muir na Feamainne), idir na hAsóir is na hIndiacha Thiar, idir domhanleithid na gcapall (idir 30° thuaidh is 30° theas, mar a mbíonn tréimhsí fada aimsire socaire gan mórán gaoithe, agus farraigí ciúine) Tá sruth dromchlach te mórthimpeall an réigiúin, an-chuid feamainne ag snámh taobh istigh de, agus an-chuid gníomhaíocht bitheolaíochta ann. Ionad póraithe na n-eascann uile a dhéanann imirce don Eoraip.

An Mhuir Shargasach