An Seanphobal

sráidbhaile i gContae Phort Láirge

Sráidbhaile Gaeltachta i ndeisceart na hÉireann is ea an Seanphobal.[1]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Seanphobal

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°00′29″N 7°38′06″W / 52.0081856°N 7.6349831°W / 52.0081856; -7.6349831
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Phort Láirge Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán100 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie133838

An sráidbhaile cuir in eagar

Tá sé suite in iarthar Chontae Phort Láirge i nGaeltacht na nDéise os cionn na lonnaíochtaí seo leanas: Maoil a’ Chóirne, Baile na nGall, Heilbhic. Limistéar ciúin tuaithe atá ann, gar d'Aird Mhór. Paróiste cuibheasach mór atá ann (cúig chiliméadar cearnach is tríocha).

Tá roinnt seirbhísí poiblí ar fáil ann, mar shampla bunscoil agus séipéal. Sa bhliain 2003, ceadaíodh pleanáil d’ionad pobail agus do naíolann in aice leis agus soir ón séipéal, le rochtain go talamh cúil agus páirc sacair sa todhchaí.

Stair cuir in eagar

Deirtear gur bhunaigh Naomh Colmán an Seanphobal i bhfad sular tháinig Naomh Pádraig go hÉirinn agus fiú sular tháinig Naomh Deaglán go dtí Aird Mhór. Roimh an Drochshaol bhí an daonra i bhfad níos mó ná mar atá sé anois.

Teach solais cuir in eagar

An ghné is mó de dhéantús an duine ar líne an chósta ná teach solais Mhion Ard is ea -- téann a stair siar go dtí an bhliain 1851. Tá líne an chósta contúirteach go leor agus mar sin is léir tá an teach solais riachtanach.

An Chailleach Béarra cuir in eagar

Struchtúr eile de dhéantús an duine is ea an Chailleach Béara: seo tuama meigiliteach a théann siar go dtí 2,000 RC. Léiríonn na radhairc ar oirthear Phort Láirge agus Chontae Loch Garman go dtí Rinn Duáin agus níos faide soir cén fáth gur roghnaíodh an áit seo leis an tuama a thógáil.

Oidhreacht nádúrtha cuir in eagar

Cuimsíonn líne an chósta (in aice leis an mbá, an Mheá) muirdhreach aillte, thart ar seachtó méadar in airde, agus roinnt silteán sruthanna agus bánna beaga freisin. Meallann an féarach ar na haillte a lán éan mara. Taitníonn an ceantar leo siúd a bhfuil suim acu sa dúlra agus sna héin.

Spórt cuir in eagar

Tá cumann de chuid CLG sa cheantar - is í an pheil an spórt is mó a imrítear ann. Bhuaigh na Shocks Craobh Shóisear an Chontae sa bhliain 1949. Imríonn iománaithe an cheantair le foireann na Rinne.

Chicago cuir in eagar

Is de shliocht Maurice Daley iad Richard J. Daley agus Richard M. Daley, a bhí mar mhéaraí ar Chicago ar feadh tamaill fhada. D'fhág Maurice An Seanphobal sa dara leath den 19ú céad.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar