Anailís idirbheartaíochta

Is é rud is anailís idirbheartaíochta ann ná modh oibre sa tsíciteiripe ina ndéantar anailísiú ar chion an tuismitheora, an pháiste nó duine fhásta eile in imoibriú, chomh maith le patrún neamhaireachtálach gníomhartha an othair a chur san áireamh. Déantar é seo chun deacrachtaí mothúcháin a réiteach, agus na straitéisí ar leith a úsáideann duine ina chumarsáid shóisialta a thabhairt chun suntais. An síciatraí Eric Berne (1910-1970) a thug an modh oibre seo chun cinn ó na 1940idí chun aidhmeanna cóireála a bhaint amach níos tapa ná sa ghnáthshícanailís. Le blianta anuas, is fochuid shuntasach í i dtraenáil ghairmiúil is bhainistiúil.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Anailís idirbheartaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 37.