Anailís uimhriúil
Modh áirimh is ea anailís uimhriúil, ina ndéantar neastacháin chomhleantacha, cosúil le modh atriallach.
Mar shampla, chun √10 a áireamh chuig aon chéim cruinnis is gá,
más xn neastachán maith ar √10, is féidir an t-algartam seo seo a úsáidː
— xn+1 = (1/2)[xn + (10/xn)] —
chun xn+1, neastachán níos fearr, a fháil.
Tá ríomhairí iontach áisiúil don mhodh oibre seo. Mar sin tá forbairtí móra déanta ar an anailís seo le blianta anuas.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Anailís uimhriúil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 38.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |