Sceimhlitheoir Gearmánach a bhí i mBerndt Andreas Baader (rugadh i München ar an 6 Bealtaine 1943 é, agus fuair sé bás i bpríosún Stammheim ar an 18 Deireadh Fómhair 1977).

Infotaula de personaAndreas Baader
Beathaisnéis
Breith(de) Berndt Andreas Baader
6 Bealtaine 1943
München (An Reich Gearmánach)
Bás18 Deireadh Fómhair 1977
34 bliana d'aois
Príosún Stammheim (An Ghearmáin Thiar)
Siocair bháisFéinmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaDornhaldenfriedhof Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síGrundschule an der Herrnstraße Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreSceimhlitheoireacht
Gairmsceimhlitheoir, boihéamach, sceimhlitheoireacht Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Croineolaíocht
2 Aibreán 1968Frankfurt department store firebombings, 1968 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Saol cuir in eagar

 
Suaitheantas na droinge. Taispeánann sé fo-inneallghunna den déanamh Heckler & Koch.

Cailleadh a athair i ndeireadh an Dara Cogadh Domhanda, agus ba iad a mháthair, a aintín agus a mháthair mhór a thóg é.

Bhí sé ina ógchiontóir nuair a bhí sé ina dhéagóir, agus é ag goid gluaisteáin le haghaidh spraoithiomána go minic.

Ina fhear óg dó, chuaigh sé go Beirlín agus fuair sé aithne ar radacaigh na heite clé. Fear spadhartha a bhí ann agus é claonta chun foréigin.

 
Reilig Dornhaldenfriedhof i Stuttgart

Ón mbliain 1968 ar aghaidh, ghlac sé páirt i ngníomhartha neamhdhlíthiúla na radacach is na sceimhlitheoirí óga. Sa bhliain 1970, gabhadh é, ach shaor na sceimhlitheoirí eile é ón mbraighdeanas mí ina dhiaidh sin. Chuaigh seisean agus fiche radacach eile go dtí an Iordáin le hoiliúint treallchogaíochta a fháil ó na Palaistínigh ansin.

Ina dhiaidh sin, bhí Baader páirteach in ionsaithe buamála agus i ruathair ar bhainc. Bhí barántas amuigh air thar aon sceimhlitheoir eile.

Ar an 1 Meitheamh 1972 gabhadh é in éineacht le Jan-Carl Raspe agus Holger Meins.

Cailleadh é le linn "Oíche an Bháis i Stammheim" (18 Deireadh Fómhair 1977), nuair a chuir seisean, Raspe agus Gudrun Ensslin lámh ina bhásanna féin i bpríosún Stammheim, Stuttgart.[1]

 
Leacht cuimhneacháinː 18 Deireadh Fómhair 1977 - Gudrun Ensslin, Andreas Baader, agus Jan-Carl Raspe

Tá Baader adhlactha i Reilig Dornhalden i Stuttgart in aice le hEnsslin agus Raspe.

D'ainmnigh na hiriseoirí Drong Baader-Meinhof as Baader agus Ulrike Meinhof.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018-10-18). "Fómhair na Gearmáine" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-18.