Andrew Wyeth

péintéir Meiriceánach

Péintéir réalaíoch Meiriceánach ab ea Andrew Newell Wyeth (12 Iúil 191716 Eanáir 2009). Bhí sé ar na péintéirí Meiriceánacha ba mhó clú san 20ú haois. Chleacht sé stíl réalaíoch régiúnach. Rugadh Wyeth in Chadds Ford, Pennsylvania. Thabhaigh an pictiúr úd Christina's World clú faoi leith dó. Péintéireacht theampara atá ann a rinne sé sa bhliain 1948, nuair a bhí sé bliain is 30 d'aois.

Infotaula de personaAndrew Wyeth

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Iúil 1917
Chadds Ford, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Bás16 Eanáir 2009
91 bliana d'aois
Chadds Ford, Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Faisnéis phearsanta
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre Maine
Port Clyde
Pennsylvania
Chadds Ford Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPortráidiú, ealaín tírdhreacha agus péintéireacht seánra
GluaiseachtRéalachas
Mac/iníon léinn de chuidNewell Convers Wyeth
Ainm cleiteWyeth, Andrew (Andrew Newell) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
GníomhaireArtists Rights Society
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileBetsy James Wyeth Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJamie Wyeth Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNewell Convers Wyeth  agus Caroline Brenneman Brockius
SiblínCarolyn Wyeth
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinandrewwyeth.com Cuir in eagar ar Wikidata

Find a Grave: 32956704 Cuir in eagar ar Wikidata

Beathaisnéis

cuir in eagar

Rugadh Andrew Wyeth do N.C. (Newell Convers) Wyeth (1882–1945), maisitheoir agus ealaíontóir, agus do Carolyn Brockius. An duine ab óige de chúigear ab ea Andrew. De bharr fadhbanna sláinte, bhain a thuismitheoirí den bhunscoil é agus chuaigh siad féin i gceann a chuid oideachais. Rinne N.C. iarracht an tallann a bhí ag gach duine de na páistí a chothú agus chaith sé tamall ag siúlóid leo, duine ina dhuine, ag taispeáint dóibh an dúlra thart timpeall orthu. Mar ealaíontóir aitheanta bhí N.C. ábalta an ealaín a mhúineadh d'Andrew, go háirithe ealaín an tírdhreacha. Chuaigh saothair an phéintéara úd Winslow Homer go mór i bhfeidhm air.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar