Féach freisin: Aosdána

Aicme shóisialta de chuid na nGael ab ea an t-Aos Dána (Sean-Ghaeilge Áes dána; Gaeilge na hAlban Aois-dàna). Sheasadh sí idir an aicme saor (Sean-Ghaeilge soír, sóer < so-aire[1] ar eDIL), le huaisle, draoithe srl. san áireamh, agus an aicme daor (Sean-Ghaeilge doír, dóer, < do-aire).

I measc na dánta nó gairmeacha a áirítí san aos dána, filí, fáithe, ceoltóirí, lianna, staraithe, gaibhne, ceardaithe carbad agus dlíodóirí, agus na húinéirí talún saora 'ísle' (féach aithech fortha). Ba an dheacair é do mhac daoir éirí ina ghabha nó ina, óir gurbh é sin athrú aicme.

Ba í *kerda- an fhréamh Phrótai-Cheiltise do ghabha, a leathnaíodh in am trátha chun gaibhe cré-umha, óir agus ealaíne, agus fosta cúrsaí leighis, ceoil agus filíochta a thabhairt san áireamh. Measadh gur dhaoine saora ab ea ceardaithe adhmaid agus crann. I ndán Sean-Ghaeilge faoi na Túatha Dé Danann – ar a nglaoití scaití an t-aos dána – insítear:

déi int áes dána, andéi immorro int áes trebtha (déithe an t-aos dána, aindéithe ámh an t-aos treafa)[2]

Maraon le gach aicme shóisialta SeanGhaelach, bhíodh saol an aosa dána go dian cóirithe, mar shampla, leis na dlíthe Bretha CróligeLóg n-enech, inar socraíodh i measc eile a bhfiúntas i gcás gona nó báis.

Tugann sonra suimiúil ó ré na Críostaíochta aird ar leith ar thábhacht na n-aicmí sóisialta ó thaobh fiúntais de. I leagan Ghaelach de na soiscéalta, rinneadh gabha de Iósaef, athair Íosa, chun a aicme a athluacháil.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 3 aire
  2. John Carey: A Tuath Dé, Miscellany, The Bulletin of the Board of Celtic Studies 39, Cardiff 1992, ll. 24 ff.
  3. Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, ll. 1011 ff.