An chéad Uachtarán ar Chúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas (1994-2001) ab ea Arthur Chaskalson (24 Samhain 19311 Nollaig 2012).[1]

Infotaula de personaArthur Chaskalson
Beathaisnéis
Breith24 Samhain 1931
Johannesburg, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Nollaig 2012
81 bliana d'aois
Johannesburg, An Afraic Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Príomh-Bhreitheamh na hAfraice Theas
Samhain 2001 – Meitheamh 2005
← Ismail Mahomed Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Witwatersrand Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdlíodóir, breitheamh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas
an Chúirt Bhunreachtúil
an Chúirt Bhunreachtúil

Saol cuir in eagar

Bhí BComm agus LLB ag Chaskalson ó Ollscoil Witwatersrand.[2] Bhí sé ar na habhcóidí cosanta ar son Nelson Mandela le linn Trialach Rivonia sa bhliain 1963. Ina dhiaidh sin bhí sé ar thús cadhnaíochta i measc dlíodóirí chearta an duine san Afraic Theas agus é ina stiúrthóir ar an Lárionad um Acmhainní Dlí (1978-1993).

Sula raibh sé ina bhreitheamh, thug sé a chuid comhairle faoi dhréachtú Bhunreacht na Namaibe agus faoi dhréachtú Bhunreacht Eatramhach na hAfraice Theas.

D'éirigh sé ina chéad Uachtarán ar Chúirt Bhunreachtúil na hAfraice Theas sa bhliain 1994, agus ansin Príomh-Bhreitheamh na hAfraice Theas (2001-2005, tar éis don phost sin a bheith cumaiscthe leis an bpost a bhí aige cheana féin),

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Chief Justice Arthur Chaskalson | South African History Online". www.sahistory.org.za. Dáta rochtana: 2020-11-27.
  2. Scoil Dlí, COBÁC. "Arthur Chaskalson" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-11-27.