Airtrí mac Cathail

rí Éireannach
(Athsheolta ó Artrí mac Cathail)

Rí na Mumhain d'Eoghanacht Ghleanndamhnach ba ea Airtrí mac Cathail (Meán-Ghaeilge Artrí mac Cathail) (bás 821). Cathal mac Finguine (bás 742), iar-rí, ba ea a athair. Bhí sé i réim ón mbliain 793 go 820.

Infotaula de personaAirtrí mac Cathail
Beathaisnéis
Bás821
Rí na Mumhan
793 – 820
← Ólchobar mac Duib-IndrechtTnúthgal mac Donngaile → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Ghleanndamhnach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteTnúthgal mac Artrach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCathal mac Finguine

Dháiltí riacht na Mumhan i measc chiorcal laistigh na nEoghanacht le na seachtú agus mórchuid na hochtú haoiseanna. Tháinig meath ar chumhacht an chiorcal seo ámh tar éis bhás Chathail mhic Fhinghin sa bhliain 742. Tháinig i gcoróin Mail Dúin mac Aodha (bás 786) d'Eoghanacht Locha Léin as Iarmhumhain. Meastar gur cuireadh an ciorcal an laistigh ar ais i réim nuair a rinneadh rí d'Airtrí sa bhliain 793.[1] Ag an am gcéanna, cuireadh Cáin Ailbhe, naomhphátrún Imligh i bhfeidhm sa Mhumhain.

Sa bhliain 794, chuaigh an tArdrí Donnchadh Mí (bás 797) ar feachtas chun cuidiú leis na Laigin in éadan na Mumhan, ach ní raibh ról díreach ag Airtrí leis an eachtra úd.[2]

B'fhéidir é gur cheap Airtrí Ólchobar mac Duib-Indrecht (bás 805) d'Eoghanacht Áine ina ridamhna, mar a insítear ina thásc i nAnnála Inis Faithlinn;[3][4] é sin nó tháinig Ólchobar i gcomharbacht ar Maol Dúin sa bhliain 786 agus gur cuireadh as a choróin é ag Airtrí sa bhliain 793.[5] D'fhéadfadh é go ndearna Artrí chomhrí dá mhac, Tnúthgal (bás c. 807).[6]

Tuairiscítear gur tháinig Feilimí mac Criomhthainn (bás 847) d'Eoghanacht Chaisil i réim sa bhliain 820, agus go bhfuair Artrí bás an bhliain dár gcionn, 821.[7] D'fhéadfadh é gur éirigh Artrí aosta as a choróin.[8] Rí deireanach de chuid Eoghanacht Gleanndamhnach ba ea Artrí. Sinsear Uí Chaoimh as Contae Chorcaí ba ea a fhionnó, Art Caomh.

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 793.3
  2. AU 794.6
  3. Byrne, lch. 213
  4. Annála Inis Faithlinn, AI 805.1
  5. Charles-Edwards, Aguisín 10
  6. Byrne, corrigenda, lch. xxiii
  7. AU 820.5, 821.1
  8. Byrne, lch. 215