Ólchobar mac Duib-Indrecht

Rí Mumhan

Rí na Mumhan b'fhéidir d'Eoghanacht Áine ba ea Ólchúr mac Duibh-Anrachta (Sean-Ghaeilge Ólchobar mac Duib-Indrecht) (bás 805).

Infotaula de personaÓlchobar mac Duib-Indrecht
Beathaisnéis
Bás805
Rí na Mumhan
786 – 805
← Máel Dúin mac ÁedoArtrí mac Cathail → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Áine Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Cúán mac Amhalghadha (bás 641) a shinsear dheireanach a bhí i gcoróin, cúig ghlúin roimhe sin. Deartháir rí eile, Eidirscéal mac Maoil Umha (bás 721), ba ea a shin-seanathair, Uisneach.[1] De réir ghinealaigh éigin, rídhamhna na Mumhain ba ea Uisneach, ach mharaigh a dheartháir é as éad agus gráin. Tháinig Eidirscéal ansin i gcoróin.[2]

Dáileadh ríogacht na Mumhan i measc chiorcal istigh na nEoghanacht le linn na seachtú haoise agus an chuid is mó den ochtú haois. Bhris Maol Dúin mac Aodha (bás 786) d'Eoghanacht Locha Léin an nós seo. Meastar gurbh é teacht i réim Airtrí mhic Cathail (bás 821) d'Eoghanacht Ghleanndamhnach sa bhliain 793 a léirigh athbhunú chumhacht an chiorcail istigh.[3] D'fhéadfadh é gur ceapadh Ólchúr ina rídhamhna; tugtar an teideal seo dó ina thásc i nAnnála Inis Faithlinn.[4] Mar mhalairt ar seo, tháinig sé i gcomharbacht ar Mhaol Dúin sa bhliain 786, agus gur cuireadh as a choróin é sa bhliain 793.[5]

D'fhéadfadh é gur meascadh Ólchúr le hÓlchúr mac Flainn (bás 796) Uí Fiodhghinte, rí b'fhéidir na Mumhan.[6]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 13
  2. Leabhar Muimhneach, Rev.Eugene O'Keefe, Eoghanacht Genealogies
  3. Annála Uladh, AU 793.3
  4. Annála Inis Faithlinn, AI 805.1
  5. Charles-Edwards, Aguisín 10
  6. Byrne, lch. 213