Eterscél mac Máele Umai

Rí Mumhan

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Áine ba ea Eidirscéal mac Maoil Umha (Sean-Ghaeilge Eterscél mac Máele Umai (bás 721[1]). Cúán mac Amalgado (bás 641), iar-rí, ba ea a sheanathair.[2]

Infotaula de personaEterscél mac Máele Umai
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás721 (Féilire Ghréagóra)
Rí na Mumhan
696 – 702
← Finguine mac CathailCormac mac Ailello → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Áine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCathussach mac Eterscélai Cuir in eagar ar Wikidata

Tá mearbhall ann sna hannála maidir leis féin agus Ailill mac Cathail Con-gan-mháthair (bás 701). Feictear iad beirt mar ríthe sa seanscéal Seanchas Fála Chaisil,[3] ach níl ach Eidirscéal luaite i Sioncronachtaí Laud agus an Leabhar Laighneach. Faightear fianaise le réimeas Ailealla and sna hannála. Feictear Eidirscéal mar rí na Mumhan ina shínitheoir Cháin Adhamhnán ag Biorra sa bhliain 697.[4]

De réir an Leabhair Mhuimhnigh, bhí Uisneach, deartháir Eidirscéil, ina rídhamhna na Mumhain. Mharaigh Eidirscéal é de ghráin agus éad, agus tháinig seisean ina rí in ionad Uisnigh.[5]

D'éirigh sé as a choróin timpeall na bliana 702[6] tar éis réimis sé bliana.[7] Bhí a mhac, Cathussach, níos deireanaí ina rí na Mumhan ón mbliain 742.

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. dátaí as The Chronology of the Irish Annalsle Daniel P. McCarthy
  2. Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 13
  3. Byrne, lch. 188
  4. Cáin Adomnáin, eag. & aistr. Kuno Meyer, Oxford: Clarendon Press, 1905
  5. An Leabhar Muimhneach, Rev. Eugene O'Keefe - Eoghanacht Genealogies
  6. Byrne
  7. Sioncronachtaí Laud