Athbhreithniúchas (stair na hÉireann)

I gcomhthéacs staraíocht na hÉireann, tagraíonn an téarma úd athbhreithniúchas don scoil fhrithnáisiúnaíoch staraíochta a tháinig ar an bhfód i dtús na seachtóidí. B'iad an dá leabhar úd Towards a New Ireland le Gearóid Mac Gearailt agus States of Ireland le Conchúr Crús Ó Briain a chuir tús leis an athbhreithniúchas.

Tá an tAthbhreithniúchas bunaithe ar an dearcadh nach raibh smaoineamh an scarúnachais - an scarúint iomlán ón Ríocht Aontaithe - fréamhaithe go domhain i dtraidisiún na hÉireann, agus nár theastaigh ó fhormhór mór na nÉireannach riamh ach rialtas dúchais a fháil gan Impireacht na Breataine a cheistiú ná Poblacht neamhspleách dá gcuid féin a chur ar bun. Mar sin, síleann na hathbhreithneadóirí nach raibh sna Poblachtánaigh ná i Sinn Féin riamh ach dream d'antoiscigh gan dlisteanacht stairiúil a bhain a leas féin as muintir na hÉireann. Thairis sin, glacann na hathbhreithneadóirí le coincheap an dá náisiún in oileán na hÉireann, mar atá, na Caitlicigh Ghaelacha agus na Protastúnaigh Ghallda, agus an dá náisiún seo i dteideal "Éireannaigh" a thabhairt orthu féin chomh maith le chéile.

Is é an tuiscint atá ag na hathbhreithneadóirí orthu féin gurbh iadsan na staraithe oibiachtúla a tháinig le staraíocht na hÉireann a shaoradh ó bhráca an Náisiúnachais. Iad siúd nach n-aontaíonn leo, áfach, tá siad den tuairim go bhfuil na hathbhreithneadóirí ag caitheamh anuas ar na Náisiúnaithe agus ag ionsaí laochra náisiúnta na hÉireann ar bhonn idé-eolaíoch, gan a gceart a thabhairt dóibh. Thairis sin, deir siad go bhfuil dhá chaighdeán morálta in úsáid ag na hathbhreithneadóirí, ceann do na Gaeil agus ceann eile do na Gaill nach bhfuil leath chomh dian. Mar sin, tá criticeoirí an athbhreithniúchais barúlach nach bhfuil ann go bunúsach ach scoil Ghallbhách staraíochta.