Baccalauréat (scannán Cristian Mungiu)
Is scannán de chuid na Rómáine, le Cristian Mungiu, é 'Baccalauréat' (an Ardteistiméireacht), nó 'Graduation'. Bhí saothar Cristian Mungiu ar cheann de na scannáin is mó a bhí molta ag na léirmheastóirí ag Féile Cannes 2016. Bhí ainm na Rómáine in airde maidir le cúrsaí scannánaíochta sna 2010idí, a bhuí le Cristian Mungiu.[1]
Bacalaureat | |
---|---|
Buneolas | |
Stiúrthóir | Cristian Mungiu |
Príomhcharachtair | |
Script | Cristian Mungiu |
Dáileoir | BiM Distribuzione |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | an Rómáin, an Fhrainc agus an Bheilg |
Céadléiriú | 2016 |
Fad ama | 128 min |
Bunteanga | an Rómáinis |
Dath | daite |
Cur síos | |
Seánra | scannán drámaíochta |
Rátáil MPAA | R |
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán | |
Ainmnithe do | European Film Award for Best Director (en) (2016) European Film Award for Best Screenwriter (en) (2016) European Film Award – People's Choice Award for Best European Film (en) (2017) European University Film Award (en) (2016) |
Suíomh gréasáin oifigiúil | bacalaureat2016.com |
Scéal
cuir in eagarAgus í ar tí scrúdú tábhachtach a sheasamh, déantar ionsaí fíochmhar ar mhac léinn cumasach, rud a fhágann go bhfuil baol ann nach bhfaighidh sí an deis scoláireacht a fháil chuig ollscoil aitheanta. Tograíonn a hathair, ar dochtúir é, a ladhar a chur sa scéal.
Tugtar léargas sa scannán dúinn ar dhearcadh agus ar chinntí morálta an athar ach tá léargas chomh maith ann ar náisiún a bhfuil an chneámhaireacht agus an chaimiléireacht ina chroílár.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ clubscannan.ie (2018). "Graduation" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2021-07-26.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |