Balún (aerárthach)
Aerárthach a bhfuil ciseán nó gandola le paisinéirí ar crochadh ó mhála mór gáis ann. Bíonn meáchan an bhalúin níos lú ná meáchan an aeir a asáitíonn sé, agus de réir prionsabal Airciméidéis, ardaíonn fórsa na buacachta an balún san aer. Ardaítear an balún trí bhallasta (gaineamh nó uisce) a chaitheamh amach as an gciseán agus an meáchan iomlán a laghdú. Tuirlingíonn an balún má sceitear roinnt gáis amach as an mála. Níl aon tiomáint ag gnáthbhalún, agus mar sin iompraíonn an ghaoth é pé treo a bhfuil sí ag séideadh. Tá aerlonga indírithe ann, le mála ar chruth todóige, ar féidir iad a thiomáint is a dhíriú le lián is stiúir.
Cineál | aerastat agus unpowered aircraft (en) |
---|---|
Oibreoir(í) |
Montgolfier, 1783
Tharla an chéad eitilt balúin a raibh foireann sa chiseán (Pilâtre de Rozier is Marquis d'Arlandes) i bPáras i 1783, an balún deartha ag na deartháireacha Montgolfier.
Thosaigh an chéad seoladh balúin timpeall an Domhain i 1999 (Brian Jones (1948-) is Bertrand Picard (1958-) ar bord) i Château d'Oex san Eilvéis, agus chríochnaigh sa Mháratáin sna Afraic níos lú ná 20 lá ina dhiaidh sin tar éis aistear 46,759 km ar mheánluas 97 km u-1.[1]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Balún". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 61.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin eitlíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |