Banda na saoránach
Córas cumarsáide raidió gearr-raonach déthreoch le húsáid ag baill den phobal, de ghnáth le trasghlacadóir (tarchuradóir cuingrithe le glacadóir) is aeróg.
Thosaigh sé sna Stáit Aontaithe sna 1940idí, agus d'éirigh an-choitianta i measc tiománaithe leoraithe fad-achair.
Bhí sé neamhdhleathach i gcuid mhaith tíortha eile, ach faoi seo tá teileafóin phóca curtha ina ionad.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Banda na saoránach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 62.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |