Beartaíocht Heimlich
Modh oibre garchabhrach tarrthála chun bia nó bac eile sa phasáiste uachtarach riospráide a chur amach as. Tugtar an sá boilg uirthi freisin. Sáitear an dorn dúnta go láidir in airde ar an mbolg uachtarach os cionn an imleacáin, agus déantar arís é go mbíonn an fhadhb riospráide réitithe. Is féidir an gnó céanna a dhéanamh tríd an íobartach a fháisceadh timpeall an choim ón taobh thiar. Ainmnítear í as an dochtúir Meiriceánach Henry J. Heimlich (1920-2007).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Beartaíocht Heimlich". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 343.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |