Potaire a saolaíodh in Agen na Fraince ab ea Bernard Palissy (c 1510-1589). Thosaigh sé mar phéintéir gloine, ach shaothraigh bealach nua chun cré-earraí a ghlónrú. Bhí sé in ann plandaí is ainmhithe, daite go nádúrtha, a chur i rilíf ard ar a chuid earraí, agus thabhaigh sé seo clú dó. Cuireadh i bpríosún é i 1562 de bhrí gurbh Úgónach é, ach saoradh é go luath agus lean sé lena a ghnó cáiliúil sna Tuileries. Ach caitheadh i bpríosún arís é i 1588 ar an gcúis chéanna, agus fuair sé bás.[1]

Infotaula de personaBernard Palissy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breithc. 1510
Lacapelle-Biron, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1589
78/79 bliana d'aois
an Bastille, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisCarcrú agus drochíde
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Protastúnachas
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir, geolaí, scríbhneoir, tíreolaí, criadóir, fisiceoir, dealbhóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Eile
Ciontaíodh ieiriceacht Cuir in eagar ar Wikidata

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bernard Palissy". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 505.