Billy Lawless

polaiteoir Éireannach

Ba sheanadóir agus fear gnó Éireannach é William Gordon "Billy" Lawless, a rugadh ar an 4 Iúil 1951 agus a fuair sé bás ar an 8 Nollaig 2024. Bhí sé ina sheanadóir ó d'ainmnigh an Taoiseach sa phost sin é ar an 11 Bealtaine 2016.[1]

Infotaula de personaBilly Lawless

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Iúil 1951
Gaillimh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Samhain 2024
73 bliana d'aois
Seanadóir na hÉireann
8 Meitheamh 2016 –
Téarma parlaiminte: 25ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtapolaiteoir neamhspleách Cuir in eagar ar Wikidata

Ba as Ráthún, Contae na Gaillimhe é. Sna 1980idí bhí sé ina chathaoirleach ar Fhine Gael i dtoghcheantar na Gaillimhe Thiar. Sheas sé do Chomhairle Chathair na Gaillimhe sa bhliain 1991 ach níor éirigh leis.

Chuir sé aghaidh ar Chicago, sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1998. Bhí rún aige ariamh gnólacht a chur ar siúl sa tír úd, agus nuair a fuair a iníon scoláireacht rámhaíochta ó Ollscoil Boston, thapaigh sé ar an deis dul anonn.

Bhí ceithre bhialann ag Lawless in Chicago. Bhí suim faoi leith aige i gcás na n-imirceach Éireannach i Meiriceá.

Ba é Lawless an chéad duine thar lear a ceapadh ina sheanadóir.

Bhí Lawless pósta le bean darb ainm Katie, agus bhí ceithre pháiste acu.