Déchont
Is cill eocarótach[1] dé-lascaideach é an Déchont. [2]
Bikonta | |
---|---|
Radiolaria | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Fofhearann | Bikonta Colin Atkinson, 1993 |
Einsímí
cuir in eagarDéanann an déchont dhá ghéin a chomhtháthú in aonad amháin: códaíonn dhá géin, sinteáis thímidiláite agus dí-ocsaídeáis dhéhidreafóláite, próitéin dhé-fheidhmeach (Cavalier-Smith, 2006).
Aistríonn an t-aonchont (Cill (bitheolaíocht) eocarótach aon-lascaideach) géinte faoi seach.
Gaolta
cuir in eagarRinneadh taighde a thabharfadh le fios gur ón aonchont a d'eascair na hAipisteachoint (ainmhí, fungais agus a leithéidí).[3] agus aiméibí, agus gur ón déchont a d'eascair Archaeplastida (plándaí agus a ngaolta), [4] Excavata, Rhizaria, agus Chromalveolata. Thug an t-eolaí Cavalier-Smith le tuiscint gur déchoint iad na Apusozoa agus nach incertae sedis iad.
Ní léir go fóill cén gaol atá ag na déchoint le chéile. Deir Cavalier-Smith go mbaineann Excavata agus Rhizaria leis na Cabozoa agus Archaeplastida agus Chromalveolata le Corticata, ach cuireann staidéar amháin eile ar a laghad in iúl go mbaineann Rhizaria agus Chromalveolata le haon chraobh amháin.[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Eocarót: orgánach a bhfuil a chuid DNA le fáil istigh in eithne sna cealla
- ↑ Dé + κοντός (kontós, “cleith (maidir leis an lascaid)”): féach freisn http://en.wiktionary.org/wiki/opisthokont.
- ↑ Ón nGréigis: οπίσθω- (opísthō-, “deiridh”) + κοντός (kontós, “cleith” (i ngeall ar an lascaid)): féach http://en.wiktionary.org/wiki/opisthokont.
- ↑ Ón nGréigis: αρχαίος (archaíos - "sean") + πλαστός (plastós - "múnlaithe"): féach http://comenius.susqu.edu/bi/202/ARCHAEPLASTIDA/default.htm[nasc briste go buan].
- ↑ Burki F, Shalchian-Tabrizi K, Minge M, Skjæveland Å, Nikolaev SI, et al. (2007). "Phylogenomics Reshuffles the Eukaryotic Supergroups". PLoS ONE 2 (8: e790): e790. doi: .
- Thomas Cavalier-Smith (2006). "Protist phylogeny and the high-level classification of Protozoa". European Journal of Protistology 39 (4): 338–348. doi: .
- Alexandra Stechmann and Thomas Cavalier-Smith (2003). "The root of the eukaryote tree pinpointed". Current Biology 13 (17).
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |