Blitz Bhéal Feirste
Feachtas buamála Luftwaffe, faoi choim na hoíche, ab ea Blitz Bhéal Feirste, ó 7 Aibreán go dtí 6 Bealtaine 1941.
Cineál | aerionsaí |
---|---|
Cuid de | An Bhleaist |
Dáta na bliana | 1941 |
Suíomh | Contae Aontroma, Northern Ireland |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Rannpháirtí | |
7/8 Aibreán 1941
cuir in eagarThug scuadrún beag de eitleáin Ghearmánacha ruathar faoi dhuganna Bhéal Feirste agus maraíodh 13 duine. Thug criúnna na Luftwaffe tuairisc go raibh córas cosanta Bhéal Feirste “ ar chaighdeán íseal, gur beag atá ann de agus nach leor é”.[1]
15 Aibreán 1941
cuir in eagarThug 180 eitleán Gearmánach ruathar istoíche faoi Bhéal Feirste ar feadh cúig huaire go leith.
Maraíodh 900 duine - an líon is mó daoine a maraíodh in aon chathair seachas Londain in aon aer-ruathar amháin. Cuireadh seirbhís bia éigeandála ar fáil do 70,000 duine. Rinneadh damáiste do 35,000 teach agus scriosadh 11 eaglais, 2 ospidéal agus 2 scoil.
Sheol de Valera 70 fear le hinnill dóiteáin ó Bhaile Átha Cliath, ó Dhún Laoighaire, ó Dhún Dealgan agus ó Dhroichead Átha.
4/6 Bealtaine 1941
cuir in eagarCaitheadh 6,000 aireagán loisneach anuas ar cheantar an chuain, ar mhonarchana agus ar longchlósanna. Scriosadh an chuid is mó do Harland & Wolfe.[2]
Iarmhairtí
cuir in eagarIs mór an damáiste a rinneadh i lár na cathrach. Scríobhadh ceannlínte faoi i nuachtáin na Gearmáine ag an am fiú.
Féach freisin
cuir in eagar- An Blitz
- "D'imigh sin agus Tháinig seo" le Séamus Mac Seáin, le cuimhní cinn ón mBlitz i mBéal Feirste[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ hist.scoilnet.ie. "Blitz Bhéal Feirste". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-04-15. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Marcus Ó Cearúil (2013-03-21). "An coirnéal stair.: Blitz Béal Feirste le linn an Dara Cogadh Domhanda.". An coirnéal stair.. Dáta rochtana: 2020-04-15.[nasc briste go buan]
- ↑ "D'imigh sin agus Tháinig seo Séamus Mac Seáin". www.coisceim.ie. Dáta rochtana: 2019-12-29.