Bobby Charlton
Fear spóirt Sasanach is ea Sir Bobby Charlton (rugadh ar an 11 Deireadh Fómhair 1937 é in Ashington, Northumberland), a aithnítear mar dhuine de na h-imreoirí sacair is fearr riamh. Bhí gairmréim fhada agus an-rathúil aige leis an bhfoireann Manchester United, ag teacht slán as an Tubaiste München sa bhliain 1958 chun Corn na hEorpa a bhaint amach, chomh maith le gach duais atá le fáil i Sasana. Bhí an rath céanna aige le foireann idirnáisiúnta Shasana chomh maith, ag buachan an duais is mó sa spórt seo, Corn an Domhain sa bhliain 1966. Sa bhliain chéanna, roghnaíodh é mar Pheileadóir na Bliana san Eoraip. Chaith sé an chuid ba mhó dá ghairmréim ag imirt i lár na páirce, ag dul ar an ionsaí go minic agus g aimsiú cúil. Ghnóthaigh sé naoi gcúl agus daichead le foireann Shasana, curiarracht a mhaireann fós.
Bobby Charlton | ||
---|---|---|
Eolas pearsanta | ||
Dáta breithe | 11 Deireadh Fómhair 1937 | |
Áit breithe | Northumberland, Sasana | |
Foirne mar imreoir | ||
1954–1973 1973–1975 1976 1976 1978 1978 1980 1958–1970 |
Manchester United Preston North End Waterford United Arcadia Shepherds Bangor City Newcastle KB Blacktown City Sasana | |
Foirne mar bhainisteoir | ||
1973–1974 1976 |
Preston North End Wigan Athletic | |
D'éirigh Charlton as an imirt sa bhliain 1976, agus sa bhliain 1984 ghlac sé post ar Bhord Stiúrthóirí Manchester United, rud a dhéanann sé inniu. Is fear sacair mór le rá eile é a dheartháir Jack, a d'imir ina éineacht le foireann Shasana.

Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.