Siabhránacht (nó bréagchéadfa) a thugtar ar aireachtáil chéadfach gan aon spreagadh don orgán cuí céadfach. Is féidir aon cheann de na céadfaí a bheith i gceist — radharc, éisteacht, boladh, blas, tadhall — agus siabhránacht dúlagair freisin. Tarlaíonn siabhránacht le linn meabharghalair ar nós scitsifréine, le linn mearbhaill, le linn tinnis coirp no úsáid drugaí nó biotáille, nó le nimhiú. Sa chás is soiléire, bíonn duine ina lándúiseacht agus an aireachtáil taobh amuigh den cholainn. Ciallaíonn sé seo cailliúint teagmhála le réaltacht, ach is féidir lena leithéid tarlú nuair a bhíonn duine faoi chumha, mar shampla. Thug an lia Francach Jean-Étienne Esquirol (1772-1840) an téarma isteach den chéad uair.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarBréagchéadfa
Cineálpsychopathological symptom (en) Aistrigh, briseadh, perceptual distortion (en) Aistrigh agus comhartha ginearálta Cuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighissíciatracht, medical psychology (en) Aistrigh agus síciteiripe Cuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10R44 Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9780.1 Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
DiseasesDB19769 Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus003258 Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKOdd-Ideas-Delusions-and-Hallucinations Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD006212 Cuir in eagar ar Wikidata
UMLS CUIC0018524 agus C0235153 Cuir in eagar ar Wikidata

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Siabhránacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 596.

Naisc sheachtracha cuir in eagar