Is galar millteach meabhrach é scitsifréine. Is iad na siomtóim a bhaineann léi, dímhothú, siabhráin, maolú mothúchán, glórtha inmheánacha á gcloisint, srl. Tosaíonn an scitsifréine go minic nuair a bhíonn duine sna fíchidí.

Tagann ainm an ghalair ó dhá fhocal sa tSean-Ghréigis 'scitsi' (σχίζειν, "scoilt") agus 'fréin' (φρήν, φρεν-, " meabhair").

CúiseannaCuir in Eagar

Cheaptaí fadó gur easpa cumarsáide sa teaghlach ba chiontach leis an scitsifréine. Ach tuigtear go gcuirtear síolta an ghalair le linn fás an fhéatais sa bhroinn, agus is cinnte anois gur galar intinne í.[1] De réir mar a fhorbraíonn an féatas, fásann néaróga tríd an mbánábhar san inchinn, agus trí phláta fonéarógach idir an bánábhar is an liathábhar, chun ceangail a dhéanamh i liathábhar na coirtéise.

De ghnáth, bíonn cealla comharthaíochta sa phláta fo-néarógach a threoraíonn an fás seo, ach bíonn easpa cealla comharthaíochta i nduine le scitsifréine agus an-chuid néaróg míthreoraithe dá bharr.

 
Risperidone nó Risperdal: cógas

Ní fíos fós cad is ciontach leis an easpa seo. Ach de réir mar a chuirtear an tuiscint ar an ngalar iomlán seo chun cinn, tá súil ag na heolaithe gur féidir an féatas a chosaint ón easpa amach anseo.

Na tréithe a bhaineann le scitsifréineCuir in Eagar

Léiríonn an ghalar na hairí seo go coitianta;[2]

  • siabhránacht chloisteála,
  • siabhráin pharanóideach,
  • urlabhra agus
  • smaointeoireacht gan eagar maille le mífheidhm cheirde nó shóisialta.

I gcás daoine a bhfuil bunfhadhbanna sláinte intinne acu, d'fhéadfaí go músclódh úsáid cannabais an scitsifréine.[3]

EipidéimeolaíochtCuir in Eagar

Buaileann scitsifréine timpeall 1% de dhaonra in Éirinn.

Deirtear uaireanta go bhfuil na hÉireannaigh sa dara háit, tar éis daoine dubha ón Chairib, ó thaobh scitsifréine de.[4] Ach níl sé sin fíor ar chor ar bith.[5]

Daoine a raibh scitsifréine orthuCuir in Eagar

  • John Nash: Scitsifréine pharanóiach a bhí ar Nash, a scríobh Nash tráchtas dochtúireachta sa bhliain 1950 a ghnóthaigh Duais Nobel dó i 1994, ach sa bhliain 1959 bhí sé in ospidéal meabhairghalair.[6]
  • Scitsifréine pharanóiach a bhí ar Sheosamh Mac Grianna a cuireadh isteach in ospidéal Leitir Ceanainn tuairim is 1957. Ach níor fhág sin nach bhféadfadh sé a bheith páirteach in éigsí agus i bhféiltí i nDún na nGall ar ball.[7]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais". 
  2. "Sláinte Mhaith | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  3. cogg.ie. "Tobar navgaoise". Dáta rochtana: 2019.
  4. "Ag tabhairt fóirithinte ar Éireannaigh atá i gcruachás" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  5. "Epidemiology of schizophrenia" (in en) (2019-03-29). Wikipedia. 
  6. "Eireaball mo chuid aineolais" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2019-05-18.
  7. "MAC GRIANNA, Seosamh (1900–1990)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-05-18.