Brúchtadh Hunga Tonga–Hunga Haʻapai (2022)


Ar 14 Eanáir 2022, tharla brúchtadh pléascach ag an mbolcán muirí Hunga-Tonga Hunga-Ha’apai, seasca cúig ciliméadar ó thuaidh ó Tongatapu, an t-oileán is mó in Tonga.[1] Ghin an brúchtadh súnámaí a d’imigh ar fud an Aigéin Chiúin, agus a mharaigh ar a laghad triúr in Tonga; tonn turrainge san atmaisféar a d’imigh timpeall an domhain faoi dhó; agus scamall mór deannaigh agus deataigh, agus na céadta splanc thintrí gach nóiméad taobh istigh ann, agus a d’imigh suas go dtí an strataisféar.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBrúchtadh Hunga Tonga–Hunga Haʻapai
Íomhá
Map
 20°32′46″S 175°23′24″W / 20.546°S 175.39°W / -20.546; -175.39
CineálSurtseyan eruption (en) Aistrigh
Plinian eruption (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Eanáir 2022 (04:14:45) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHunga, Tonga Cuir in eagar ar Wikidata, Haʻapai district, Tonga (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírTonga Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leiseruption column (en) Aistrigh
Crith talún
Tonn turrainge
súnámaí
ash rain (en) Aistrigh
2022 Callao oil spill (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Méadaíocht crith talún (Scála Richter)5.8 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 (17 Eanáir 2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe4 (16 Eanáir 2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#TogetherForTonga Cuir in eagar ar Wikidata

Scrios an brúchtadh an cábla cumarsáide le Tonga, agus tar éis an tsunami, bhí na hoileáin uilig faoi bhrat luatha. Bhí an príomh-rúidbhealach glanta agus an t-aerfort ar oscailt cúpla lá níos déanaí. Mar sin féin, bhí díospóireacht ar siúl in Tonga ag an am idir cabhair a ligean isteach, agus COVID a choimeád amuigh.[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Conradh na Gaeilge Londain (22 Eanáir 2022). "Nuacht Mhall / Maigh Eo(podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-01-24.