Is é rud is tonn turrainge[1] ann ná brúthonn ardaimplitiúide ag gluaiseacht, le hathrú tobann dlúis, teochta is brú trasna na toinne. Suaitheadh foréigneach nó gluaisne fhorthonnach a chuireann tús léi. Táirgeann sí pléascadh brúthonn turrainge san aer mórthimpeall. Is tonn turrainge blaosc tintrí, agus téamh tobann an aeir ag an tintreach is bun léi. Má tharlaíonn imbhualadh an-trom ar sholad, tarlóidh strustonn turrainge sa solad. De ghnáth, freagairt neamhlíneach a bhíonn sa mheán mar a mbíonn an tonn turrainge.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): tonn turrainge” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-03-11.
  2. Hussey, Matt (2011). "Tonn turrainge". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 670.