Brian O'Doherty
Patrick Ireland a bhí mar ainm cleite ag Brian O'Doherty; dealbhóir, péintéir, údar, stiúrthóir scannán, ealaíontóir suiteála agus ealaíontóir coincheapa Éireannach atá ann.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 4 Bealtaine 1928 Bealach an Doirín, Éire |
Bás | 7 Samhain 2022 94 bliana d'aois Nua-Eabhrac, New York |
Siocair bháis | Bás nádúrtha |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Dearcealaíona |
Gairm | péintéir, léirmheastóir ealaíne, dealbhóir, scríbhneoir, amharcealaíontóir |
Ainm cleite | Patrick Ireland Williams Magnin Mary Josephson Sigmund Bode Chevalier d'Eon |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Barbara Novak |
Rugadh i gContae Ros Comáin é sa bhliain 1935 agus bhí sé ina chónaí i Meiriceá. Bhain sé céim amach sa leigheas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath sa bhliain 1952.
Thosaigh O'Doherty ag baint úsáide as an ainm Patrick Ireland lena chuid saothar a shíniú mar fhreagra ar mharuithe Dhomhnach na Fola i nDoire na bliana 1972.
Ainmníodh é don Duais Booker sa bhliain 2000 as a úrscéal The Deposition of Father McGreevy. Ar an 20 Bealtaine, 2008, chuir O'Doherty samhail den duine ar leis a ainm cleite i gcré na cille mar dhea sa Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann de bharr go raibh dul chun cinn déanta ó thaobh na síochána ó thuaidh, agus thosaigh sé ag baint úsáide as a ainm baiste athuair.
Nocht sé lúbra dá chuid, darbh ainm Teanga-Aisling an Phobail, amuigh faoin aer i mBéal Feirste sa bhliain 2011 áit ar thug sé aitheasc uaidh i nGaeilge.[1][2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "Irish Artist to "Bury" Alter Ego" (May 6, 2008). ARTINFO. Dáta rochtana: 2008-05-14.
- ↑ Kimmelman, Michael (2005-05-22). "Patrick Ireland, 36, Dies; Created to Serve Peace". New York Times. Dáta rochtana: 2008-05-22.
- David Scott (1989), The modern art collection, Trinity College Dublin. Baile Átha Cliath: Cló Choláiste an Tríonóide, Baile Átha Cliath. ISBN 1-871408-01-6
- Ciaran Benson (2011), 'The artist Brian O'Doherty )previously known as Patrick Ireland: No sad imperialist of the aesthetic self!", The Dublin Review of Books, 17, Earrach 2011, (http://www.drb.ie/index.aspx Curtha i gcartlann 2011-05-20 ar an Wayback Machine)