Tonnta a ghin an ghaoth, tar éis briseadh ar uisce tanaí. De ghnáth cuimsíonn an téarma an raon iomlán tonn ar uisce tanaí, ó na bristigh go dtí an lapadaíl. Ach i dtéarmaíocht chruinn na heolaíochta, úsáidtear an téarma ar na ballaí clamparacha uisce a dhéanann tonnta atá ag briseadh. De réir mar a thaistealaíonn tonnta a cruthaíodh amach ón gcladach isteach ar uisce níos tanaí, eiríonn siad níos airde rite go sroicheann riteacht chriticiúil ag a mbíonn siad éagobhsaí, agus ansin briseann siad. Tarlaíonn sé seo de réir cineáil nuair a éiríonn doimhneacht an uisce cothrom le timpeall 1.3 oiread airde na toinne. Nuair a bhriseann an tonn gluaiseann na páirteagail uisce díreach i dtreo an chladaigh, agus bruth a bhíonn ann ansin.[1]

Bruth

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bruth". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 95.