Buamáil Hiroshima agus Nagasaki
Ar an séú agus an naoú lá Lúnasa 1945, scaoileadh dhá bhuama adamhacha ar Hiroshima agus Nagasaki,le linn an Dara Cogadh Domhanda.[1]
| ||||
Cineál | dyad (en) ![]() ![]() aerial bombing of a city (en) ![]() ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | air raids on Japan (en) ![]() ![]() | |||
Dáta na bliana | Lúnasa 9, 1945 Lúnasa 6, 1945 ![]() | |||
Suíomh | Lúnasa 6, 1945: Hiroshima, An tSeapáin Lúnasa 9, 1945: Nagasaki, An tSeapáin ![]() | |||
Tír | Impireacht na Seapáine ![]() | |||
Rannpháirtí | ||||
Líon básanna | 286,818 (Lúnasa 31, 2013) 162,083 (Lúnasa 31, 2013) ![]() | |||
Arm | buama adamhach ![]() | |||
Croineolaíocht | ||||
Lúnasa 6, 1945 | Aerionsaí | |||
Lúnasa 9, 1945 | Aerionsaí ![]() | |||
Le cuid | ||||
Na gníomharthaCuir in Eagar
Ba í Meiriceá an chéad tír ar domhain chun airm núicléacha a fhorbairt.[2] Scaoileadh an chéad buama ón aer ar Hiroshima.[3] Eitleáin le fórsaí Mheiriceá a bhí freagrach as an sléacht a tharla maidin an 6ú Lúnasa 1945.[4]
Mharaigh an buama timpeall 45,000-70,000 duine i nóiméad amháin. Bhásaigh a oiread eile daoine arís mar gheall ar nimhiú radaíochta. Maraíodh idir 95,000 agus 146,000 duine in iomlán le linn 1945[5] – tá sé deacair figiúr deimhneach a fháil. Fágadh an chathair féin loiscthe.
Rinneadh an cleas céanna le cathair Nagasaki trí lá ina dhiaidh sin.
Chinntigh an dá eachtra seo géilleadh na Seapáine sa Dara Cogadh Domhanda.
CuimhneachánCuir in Eagar
Le linn an chomórtha sa bhliain 2015, buaileadh cloig sa chathair, d'umhlaigh na daoine i mbun paidreoireachta, agus tionóladh nóiméad ciúinis ag 8.15 ar maidin am na Seapáine. In Éirinn tá searmanas bliantúil ar an 6 Lúnasa á reáchtáil ag an bhfeachtas ar son na dí-armála núiclígh i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath.[6]
Ar an 27 Bealtaine 2016, leag Uachtarán na Stát Aontaithe Barack Obama bláthfhleasc i Hiroshima.[7] Thug sé cuairt ar an bpáirc cuimhneacháin a tóigeadh le comóradh a dhéanamh ar na daoine a bhásaigh de bharr an bhuama in éindí le Príomhaire na Seapáine Shinzo Abe.
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ Deaglán de Bréadún. "An cheist núicléach" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-08-15.
- ↑ Séamas Ó Neachtain. "An Buama Adamhach". www.scoilgaeilge.org. Dáta rochtana: 2020-08-15.
- ↑ Foras na Gaeilge. "An Dara Cogadh Domhanda". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ RTÉ (2015-08-06). "Comóradh 70 bliain ar Hiroshima" (as ga).
- ↑ "Atomic bombings of Hiroshima and Nagasaki" (as en) (2021-08-05). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-08-06). "Comóradh 70 bliain ar Hiroshima" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-05-27). "Céad Uachtarán as Meiriceá le cuairt a thabhairt ar Hiroshima" (as ga).