Buamáil an Taoibh Bháin (1992)

Tharla Buamáil an Taoibh Bháin ar an 17 Eanáir 1992. Maraíodh seachtar oibrithe Protastúnacha agus saighdiúir ag an Taobh Mór (an Taobh Bán nó Teebane i dTír Eoghain).[1] nuair a phléasc mianach talún de chuid an IRA.[2] Gortaíodh seisear eile go dona.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil an Taoibh Bháin
Map
 54°39′43″N 6°57′29″W / 54.662°N 6.958°W / 54.662; -6.958
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana17 Eanáir 1992 Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata


An Taobh Bán nó Teebane i dTír Eoghain

Bhí na fir ag dul an bealach i mionbhus ón Chorr Chríochach go dtí an Ómaigh. Buama 225 cileagram a bhí ann.

Dunmharaíodh Gary Bleeks (25), Cecil James Caldwell (37), David Harkness (23), John Richard McConnell (38), Nigel McKee (22), Robert Irons (61), Robert Dunseath (25, saighdiúir) agus Oswald Gilchrist (44, tiománaí).

Fuath seicteach, go príomha, a bhí taobh thiar den ionsaí ach chuir an IRA cuma air gur rud éigin eile a bhí ann ag an am.[3] Tharla Lámhach Sean Graham tamaill ina dhiaidh. Díoltas a bhí ann as an mbuamáil, a deirtear.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "An Taobh Bán/Teebane" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-01-15.
  2. Aodhán Ó Raghailligh. (Eanáir 2017). "An tUltach" (94 (1), 23.). 
  3. "Teebane bombing remembered 25 years on" (en). The Irish News (2017-01-16). Dáta rochtana: 2021-01-15.