Buanchóimhiotal

Cóimhiotal iarainn le nicil nó iarainn le cóbalt atá éasca le maighnéadú is dímhaighnéadú. Shaothraigh an t-innealtóir Sualannach Gustav Waldemar Elmen (1876-1957) é. Tá tréscaoilteacht mhaighnéadach ard na gcóimhiotal seo an-áisiúil i bpáirteanna innealra leictrigh a fhulaingíonn réimsí maighnéadacha a ailtéarnaíonn go tapa. Tháinig siad in úsáid an-choitianta ó 1920 sa tionscal teileachumarsáide i ndéanamh na gcáblaí le cur faoin teiscinn mhór chun toirt mhór teachtaireachtaí a ionramháil.

Buanchóimhiotal