Bus ina mbíonn mótar leictreach in ionad inneall dócháin inmheánaigh. Faigheann sé an chumhacht leictreach ó cháblaí lastuas trí ghéaga deiridh cuimilteora. Ní hionann is tram é mar nach ritheann ar ráillí le rotha cruaiche, ach ar rotha le boinn rubair ar an ngnáthbhóthar. Bhíodh sé in úsáid go forleathan san Eoraip is na Stáit Aontaithe, ach cuireadh gnáthbhusanna ina n-ionad i gcuid mhaith áiteanna. Le déanaí, áfach, tá athmhachnamh á dhéanamh ar an athrú seo ar chúiseanna truailliú aeir is fothraim, agus bheadh an bus tralaí i bhfad níos fearr ar an ábhar seo.[1]

Electromote in Berlin, 1882
Bus tralaí á thiomáint i Lyon na Fraince
Bus tralaí

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Bus tralaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 100.