Cábla
Rópa nó slabhra teann láidir is ea cábla mar shampla, sreang leictreachais nó teileafóin.[1] Fadó bhí rópa snáithíneach i gceist, ach anois féadfaidh na snáithíní a bheith déanta as miotal nó miotal le ciseal seachtrach inslitheora (cáblaí leictreacha), nó gloine nó plaisteach (cábla snáithíní optúla).
Na bunsnáithíní sa chábla casta, lúbtha nó fite ar a chéile ar feadh i bhfad. I gcábla comhaiseach bíonn an dara truaill copair idir an t-inslitheoir seachtrach, agus ciseal inslithe timpeall ar an gcroíleacán copair.
Bhíodh a leithéid de cháblaí in úsáid go forleathan i gcórais leictreonacha, córais teileachumarsáide go príomha, ach tá cáblaí snáithíní optúla curtha ina n-ionad anois, cuid mhaith.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "An Foclóir Beag: cábla" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2023-07-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cábla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 102.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |