Círéibeacha sa Ríocht Aontaithe 2024


Tharla círéibeacha sa Ríocht Aontaithe le linn Iúil - Lúnasa 2024. D'eascair an mí-ord as marú triúr chailíní óga i mbaile Southport in aice le Learpholl. Ar an 29 Iúil 2024, tharla ionsaí scine inar maraíodh an triúr agus inar gortaíodh deichniúr eile. Cuireadh tús le hagóidí agus círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta ina dhiaidh sin. Scaipeadh go leor frithfhaisnéise faoin gcás agus maíodh gur Mhoslamach a rinne an marú, rud nach raibh fíor.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCíréibeacha sa Ríocht Aontaithe 2024
Íomhá
Cineálcíréib
ethnic riot (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deGéarchéim imirceach na hEorpa Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse30 Iúil - 10 Lúnasa 2024
Dáta na bliana2024 (samhradh) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSouthport, England
Hartlepool, England
Londain, England
Aldershot, England
Manchain, England
Sunderland, England
Learpholl, England
Leeds, England
Nottingham, England
Stoke-on-Trent, England
Kingston upon Hull
Béal Feirste, Northern Ireland
Rotherham, England
Bolton, England
Middlesbrough, England
Weymouth, England
Tamworth, England
Plymouth, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Cúisionsaí scine Stockport, 2024
mífhaisnéis
disinformation attack (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe130 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon na ngabhálacha
1,024 (13 Lúnasa 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Marú thriúr chailíní

cuir in eagar

Bhí na páistí i Southport ag glacadh páirt i rang damhsa "Taylor Swift" nuair a ionsaíodh iad go gairid roimh an meán lae. Maraíodh Bebe King, sé bliana, Elsie Dot Stancombe, seacht mbliana, agus Alice Dasilva Aguiar, a bhí naoi mbliana. As an deichniúr a gortaíodh, bhí cúigear páistí agus beirt daoine fásta a fágadh go han-dona tinn. Gortaíodh na daoine fásta agus iad ag iarraidh na leanaí a chosaint.[1]

Tugadh ógánach seacht mbliana déag, Axel Muganwa Rudakubana, os comhair cúirte i Learpholl ar an 1 Lúnasa agus é cúisithe i dtriúr cailíní óga a dhúnmharú. In Caerdydd sa Bhreatain Bheag a rugadh é agus bhí sé ina chónaí i sráidbhaile Banks ó thuaidh ó Southport.[2]

De bhunadh Ruanda ba ea tuismitheoirí Rudakubana. Tharla círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta i ndiaidh na maruithe, i mBéal Feirste chomh maith.[3]

Círéibeacha

cuir in eagar

Tharla círéibeacha frith-inimirce timpeall na tíre sna laethanta dár gcionn, i mBéal Feirste chomh maith.

Ar an 4 Lúnasa i mBéal Feirste, ionsaíodh gnólachtaí beaga ‘eitneacha’ chomh maith le hóstáin ar dúradh, in earráid, go raibh inimircigh ina gcónaí iontu.

Ar an 6 Lúnasa, gortaíodh fear gorm sna caogaidí go dona nuair a ionsaíodh é le linn círéibeacha i gceantar Bhóthar Dhún na nGall i ndeisceart Bhéal Feirste. Leagadh an fear go talamh agus tugadh buillí coise dó agus é sínte. Ionsaí ciníoch a bhí ann.[4] Rinneadh iarracht freisin siopa le fear de bhunadh na Siria a chur trí thine i gceantar Sandy Row. D'ionsaigh slua na póilíní nuair a tháinig siad ar an láthair. Bhí buamaí peitril i measc an ábhair a caitheadh leis na póilíní (lasadh an siopa céanna le linn círéibeacha a tharla sa chathair ar an 4 Lúnasa).

Antoiscigh ón eite dheis, agus dílseoirí ar a gceann, a bhí freagrach as an mí-ord.[5] Tháinig agóideoirí eile as Baile Átha Cliath agus as Sasana chun páirt a ghlacadh sna hagóidí. Bhí daoine as BÁC ann le bratach ‘Coolock Says No’[6] ag léirsiú in éineacht le dílseoirí i mBéal Feirste. Cancar seanbhunaithe i dTuaisceart Éireann is ea fuath don eile. Bhí gort méith le forbairt acu siúd ar mian leo a theacht i dtír ar dheartháir an tseicteachais – an ciníochas. Is minic le linn na 2000-2010idí a rinneadh ionsaithe agus imeaglú ar inimircigh i gceantair dhílseacha, a bparaimíleataigh ag suirí le leithéidí an National Front ó am go chéile.[3]

Shílfeá ón gcaint ag lucht agóide go raibh na mílte míle inimirceach ‘mídhleathach’ i dTuaisceart Éireann. Níl, ach maíonn roinnt daoine go bhfuil agus an buiséad poiblí á ídiú acu nó orthu. Is fíor go bhfuil údar imní ag daoine faoi bhrú ar sheirbhísí agus faoi easpa acmhainní nuair a théann an daonra in aois (nó nuair a dhéantar méadú mór ar an daonra i gceantair áirithe). Ach oiread leis an deisceart tá ganntanas tithíochta abhus. Ní hiad teifigh ná inimircigh a chruthaigh an fhadhb sin. Níor tógadh tithe.[3]

Ón 7 Lúnasa, bhí slógaí frithchiníochais i bhfad níos mó ná na taispeántóirí i bhfad ar dheis.[7]

I Sasana ar an 6 Lúnasa, ionsaíodh póilíní agus gortaíodh roinnt acu i gcathair Plymouth in iardheisceart Shasana.[8]

Níl baint dá laghad ag an gcineál sin iompair le himní faoi conas a láimhseálann na húdaráis inimirce. Ciníochas is ea é, fuath do dhaoine le cneas neamhgheal, Moslamaigh go speisialta. Bhí an ‘narrative of hate’, mar a thug easpag Anglacánach Learphoill air, á scaipeadh go rí-éifeachtach beag beann ar an bhfírinne.[3]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Nuacht RTÉ (2024-07-30). "Ógánach fós á cheistiú faoi leanaí a mharú, a ghortú in Southport" (as ga). 
  2. Nuacht RTÉ (2024-08-01). "Ógánach os comhair cúirte faoi leanaí a dhúnmharú" (as ga-IE). 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Póilín Ní Chiaráin (7 Lúnasa 2024). "Ná ligimis d’aon dream normalú a dhéanamh ar an bhfuath" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-07.
  4. "Belfast: Man's head 'stamped on' during racist attack" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-08-07.
  5. Nuacht RTÉ (2024-08-06). "Fear gortaithe go dona le linn círéibeacha i mBéal Feirste" (as ga-IE). 
  6. Bhí daoine sa Chúlóg ag agóidíocht i rith mí Iúil 2024
  7. "Anti-racism protests sweep Britain after far-right riots" (en-GB). www.reuters.com. Dáta rochtana: 2024-08-07.
  8. "Belfast: Man's head 'stamped on' during racist attack" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-08-07.