Cairbre mac Eithne
I Miotaseolaíocht na nGael, file ab ea Cairbre mac Eithne (Sean-Ghaeilge Coirpre mac Étaíne).
Cineál | duine ficseanúil |
---|---|
Dáta | |
Slí bheatha | file |
Seanscéal
cuir in eagarI leagan amháin dá sheanscéal, mac Bóinne agus Neachtain, file na dTúath Dé Danann, ab ea Cairbre. I leagan eile, ba é Oghma a athair. Toisc gur leathdeartháireacha Oghma iad Lugh agus Daghdha, ba é Cairbre a nia. Ba é Dían Cécht, lia, a sheanathair ar thaobh na máthar.
Bhí Cairbre ar cuairt le Breas, an Fomhórach a bhí ina rí na dTuath Dé. Chaith Breas go holc leis ámh, agus dá bharr chum sé glámh dícheann, le toradh ná gur chaill an rí a éileamh ar an gcoróin.
Sean-Ghaeilge | Nua-Ghaeilge[1] |
---|---|
Gan cholt[2] for criabh ceireine[3][4] |
Gan bhia go beo sa bhabhla, |
Ba é seo an chéad mallacht inste in Éirinn. Chuaigh Cairbre ansin go i gcomhrac, agus thug an lá leis, i dteannta leis na Túatha Dé in éadan na bhFomhórach sa Dara Cath Maighe Tuireadh.[9]
Foinsí
cuir in eagar- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.