Caitlín Ní Mhaolchróin

scoláire Éireannach

Scoláire Sean-Ghaeilge ab ea Caitlín Ní Mhaolchróin (Béarla: Kathleen "Kate" Mulchrone).

Infotaula de personaCaitlín Ní Mhaolchróin
Beathaisnéis
Breith22 Samhain 1895
Cill Bheagáin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Meitheamh 1973
77 bliana d'aois
An Muileann gCearr, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bonn
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Loreto, An Muileann gCearr Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, ollamh, acadóir Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh i gCill Bheagáin, Co. na hIarmhí í ar 22 Samhain 1895. Ba í an duine ab óige de thriúr iníonacha í le Patrick Mulchrone, sáirsint de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann, as Contae Mhaigh Eo ó dhúchas, agus Mary Mulchrone (née Spain) as Contae Thiobraid Árann. D’fhreastail sí ar an mbunscoil i mBaile Fhobhair, Contae na hIarmhí agus ansin ar Chlochar Loreto sa Mhuileann gCearr. De bharr a cuid torthaí i scrúdú na hardteistiméireachta i 1913, fuair sí scoláireacht chun freastal ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bhain sí BA amach i 1916, H.Dip.Ed. i 1917, agus MA i 1918.[1][2]

Bronnadh scoláireacht taistil ar Ní Mhaolchróin ansin chun staidéar a dhéanamh do D.Phil. in Bonn na Gearmáine faoi stiúir an Ollaimh Rudolf Thurneysen. Bhí an-mheas acu ar a chéile, agus deirtear gurbh í an scoláire ab ansa leis. D’fhoilsigh sí a saothar iarchéime ar Naomh Pádraig in Zeitschrift für Celtische Philologie (1926–1927), a foilsíodh ansin mar an leabhar Bethu Phátraic: the tripartite life of St Patrick sa bhliain 1939. Scríobh Osborn Bergin gurbh é an leabhar seo “the best of its kind that has appeared for many years.”[1][3]

Mhúin Ní Mhaolchróin in institiúidí éagsúla, ar dtús mar Theagascóir Gairmoideachais le Gaeilge le Comhairle Contae na hIarmhí ó 1925 go 1927, agus ansin i nGairmscoil Ráth Maonais ó 1928 go 1938. Mhúin sí in COBÁC mar léachtóir cúnta ó 1931 go 1938, ag obair le Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann in Acadamh Ríoga na hÉireann ó 1928 go 1938.[2] Idir 1926 agus 1970, bhí sí ina húdar nó ina comhúdar ar 14 as na 27 fascúl den Catalog of Irish Manuscripts a d'fhoilsigh Acadamh Ríoga na hÉireann. D'fhoilsigh sí aistí i roinnt imleabhar: Measgra i gcuimhne Mhichíl Uí Chléirigh (1944), Studies in early Irish law (1936), agus The Book of Lecan: Leabhar Mór Mhic Fhir Bhisigh Leacain (1937). Foilsíodh a cuid páipéir in irisí léannta ar nós Studia Hibernica, Journal of the Galway Historical and Archaeological Society, Irish Ecclesiastical Record, agus Celtica.[1]

Ceapadh í ina hollamh le Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge, agus focleolaíocht Cheilteach i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh nuair a cruthaíodh an ollúnacht sin i 1938, agus thug sí go leor dá cuid léachtaí trí Ghaeilge. D’fhan sí sa phost sin go dtí gur scoir sí i 1965. Fuair Ní Mhaolchróin bás ina teach cónaithe ar Shráid Phádraig, an Muileann gCearr ar 13 Meitheamh 1973 agus cuireadh sa Bhaile Glas, Co. na hIarmhí í. Tá bailiúchán dá cuid páipéar acadúil in Acadamh Ríoga na hÉireann.[1][2]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Giffney (2009). "Dictionary of Irish Biography". Cambridge: Cambridge University Press. 
  2. 2.0 2.1 2.2 Breathnach. “NÍ MHAOLCHRÓIN, Caitlín (1895–1973)” (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 19 Eanáir 2020.
  3. Dumville (1999). "Saint Patrick". Suffolk: Boydell Press. ISBN 9780851157337.