Cnuasainm ar chineálacha dlútha silice mianraí, SiO2, cumtha as criostail mhínghráinníneacha grianchloiche. Faightear í i bhfoirm thoirtiúil le loinnir cosúil le loinnir chéarach, go minic ag líonadh scoilteanna i gcarraigeacha bolcánacha. Cineálacha le bandaí is ea oinisc is agáit, agus is cineálacha daite iad seaspar, cloch fhola, criseapráis is coirnéilean.[1]

Calcadóine ón bPoblacht Sheiceach

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Calcadóine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 110.