Callas
Réigiún áitiúil den chraiceann ina bhfuil an ciseal eipideirmeach tiubhaithe mar thoradh ar thráma leanúnach fisiciúil. Tugtar creagán ar challas ar aghaidh na láimhe, agus bonnbhualadh nó bonnleac ar challas ar bhonn na coise. Tugtar callas ar fhíochán a fhoirmíonn i ndeisiú cnáimhe briste freisin. Cruthaítear loingeán snáithíneach is loingeán gloineata chun foircinn bhriste na cnáimhe a shéalú is a nascadh le chéile, agus tugtar callas neamhbhuan air sin. De réir a chéile fásann cnámh aibí ina ionad, agus tugtar callas buan air sin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Calas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 109.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |