Cam reilige
Míchuma comhbheirthe ar chos nó an dá chos, ionas nach féidir le páiste seasamh ar bhonn na coise, a bhíonn iompaithe isteach. Feictear an mhíchuma go héasca sa naíonán nuabheirthe, agus ní féidir í a fheabhsú trí láimhsiú. Déanann sraith cléithíní grádaithe feabhas ar an riocht go minic, ach is gá máinliacht i gcásanna diana.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cam reilige". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 111.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |