Ceol aontonach nó séiseach (ach le raon teoranta), le hidirchéimeanna is rithim shaor den chuid is mó, ag tionlacan téacs a chuireann an cantaire uaidh. Is ceol gan tionlacan aontonach don aifreann is don liotúirge Rómhánach an chantaireacht eaglasta. Úsáidtear nodaireacht ar chliath 4 líne chuici, gan comhartha cruinn maidir le rithim. Sainíodh is caighdeánaíodh an stór amhrán sa 6ú céad faoin bPápa Greagóir Mór, ionas go dtugtar cantaireacht Ghreagórach uirthi, bíodh is gur cuireadh séiseanna eile léi ar feadh breis is 1,000 bliain ina dhiaidh sin. Comhshnaidhmeadh í le ceol iltonach níos déanaí. Is saghas séise armónaithe an chantaireacht Anglacánach, oiriúnach do na sailm is cainticí i seirbhísí Eaglais Shasana.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cantaireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 114.