Carachtair alfa-uimhriúla

Sa ríomheolaíocht, is éard atá i gceist leis na carachtair alfa-uimhriúla[1] ná tacar carachtar a chuimsíonn litreacha na haibítre go léir, idir chás uachtair (A-Z) is chás íochtair (a-z), na digití (0-9), agus roinnt carachtair poncaíochta. Baintear feidhm as an téarma i dtaobh méarchlár agus i ríomhaireacht gnó, i dteangacha ríomhchláraithe cosúil le Cobol go háirithe.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. “carachtar alfa-uimhriúil” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-04.
  2. Hussey, Matt (2011). "Carachtair alfa-uimhriúla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 116.