Carlos Antonio López

Uachtarán Pharagua

Polaiteoir as Paragua ab ea Carlos Antonio López Ynsfrán (4 Samhain, 179010 Meán Fómhair, 1862). Chaith sé na blianta 1844 go 1862 ina Uachtarán ar an tír.

Infotaula de personaCarlos Antonio López

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Samhain 1792
Asunción, Paragua Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Meán Fómhair 1862
69 bliana d'aois
Asunción, Paragua Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisStad cairdiach
Áit adhlacthaNational Pantheon of the Heroes (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
1 Uachtarán Pharagua
13 Márta 1844 – 10 Meán Fómhair 1862
← Mariano Roque AlonzoFrancisco Solano López → Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheAsunción
Teanga dhúchaisan Ghuaráinis
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1814 –  1862
Ball de
TeangachaAn Spáinnis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataCapitán General (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileJuana Pabla Carrillo Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFrancisco Solano López Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 51080306 Cuir in eagar ar Wikidata

Rugadh López i Manorá, Asunción ar an 4 Samhain, 1790, agus fuair sé a chuid oideachais i gcliarscoil sa chathair sin mar a ndearna sé staidéar ar fhealsúnacht agus ar dhiagacht, ach d'éirigh sé as na hábhair sin de rogha ar an dlí. Chuaigh sé ar a choimeád mar gheall ar naimhdeas a bhí idir é agus deachtóir na tíre, a uncail José Gaspar Rodríguez de Francia, ach nuair a fuair Francia bás chuaigh Lopez i gceannas na tíre mar gheall ar an eolas neamhghnách a bhí aige ar chúrsa dlí agus rialtais. Bhí sé i gcumhacht go dtí gur éag sé ar an 10 Meán Fómhair, 1862.

Ar dtús bhí sé ina rúnaí ar 'junta' míleata (1840-1841), ina chonsal ar feadh trí bliana ansin go dtí 1844 agus ina uachtarán le cumhachtaí deachtóra ar feadh ocht mbliana déag eile. Sa bhunreacht a scríobh sé don tír tugadh an-chuid cumhachtaí don uachtarán ach ba bheag an aird a tugadh ar chearta sibhialta.

Mar cheannaire rialtais bhí sé siosmaideach go leor agus rinneadh go leor iarrachtaí chun acmhainní nádúrtha na tíre a fhorbairt agus cumhacht mhíleata na tíre a neartú. Rinne sé conarthaí trádála leis an Fhrainc, na Stáit Aontaithe agus leis an Ríocht Aontaithe, agus bunaíodh os cionn trí chéad scoil sa tír le linn a thréimhse mar uachtarán. Bhíodh sé i mbun aighnis go minic leis an Bhreasail, an Bhreatain agus Stáit Aontaithe Mheiriceá ach ní dheachaigh sé chun cogaidh riamh leo. Bronnadh saoránacht chomh maith ar dhúchasaigh na tíre lena linn.

Ba é an mac ba shine a bhí aige (1826-1870) a tháinig i gcomharbacht air tar éis a bháis.