Carol Nolan

polaiteoir Éireannach

Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Uíbh Fháilí í Carol Nolan, Protastúnach le Gaeilge líofa atá lonnaithe i mBiorra. Bhíodh sí ina príomhoide ar Ghaelscoil. Bhíodh sí ina ball de Shinn Féin roimh 2019.

Infotaula de personaCarol Nolan

(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Bealtaine 1978
46 bliana d'aois
Baile Mhic Ádaim, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Laois-Uíbh Fhailí

Teachta Dála
22 Márta 2018 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Uíbh Fhailí
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 22 Márta 2018 (suspension from a political party (en) Aistrigh)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Uíbh Fhailí

Comhairleoir i gComhairle Contae Uíbh Fhailí
1 Meitheamh 2014 – 9 Márta 2016
Toghcheantar: Biorra

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsinnfein.ie… Cuir in eagar ar Wikidata

X: CNolanOffaly Cuir in eagar ar Wikidata

Toghadh Carol Nolan mar TD i dtosach in 2016 nuair a sheas sí do Shinn Féin. Is saineolaí í Nolan ar chúrsaí oideachais do pháistí le riachtanais speisialta. Ar an 19 Meitheamh 2018, d’éirigh sí as Sinn Féin de bharr tacaíocht an pháirtí don leasú bunreachta faoin ghinmhilleadh.

Toghadh í mar iarrthóir neamhspleách in 2020 nuair a d’éirigh go maith léi vótaí aistrithe a fháil ó iarrthóirí eile. Fuair sí os cionn 3,000 vóta aistrithe in 2020 ón iarrthóir John Leahy, duine eile a bhí in aghaidh ginmhilleadh a cheadú agus a bhí ina cheannaire ar Renua.[1]

Atoghadh í i 2024.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Donncha Ó hÉallaithe (18 Samhain 2024). "Stanley faoi bhrú i Laois, muintir Cowen imithe in Uíbh Fhailí agus Boxer ar ais san Iarmhí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-18.