Carraig dhríodair
(Athsheolta ó Carraig dríodair)
Fosuithe comhdhlúthaithe d'ábhar atá moirtithe ag uisce, gaoth, oighear nó trí dhomhantarraingt nó deascadh ceimiceach. Cuirtear na carraigeacha dríodair i 3 rang. Carraigeacha clastacha, is as blúirí de charraigeacha nó mianraí a bhí ann roimhe sin a rinneadh iad, comhtháite le chéile ag ábhar suimintithe, cruthaithe trí mhoirtiú (mar shamplaí, na sceallaí, gaineamhchloch, comhcheirtleáin). Bíonn carraigeacha orgánacha comhdhéanta as iarmhair orgánach beo den chuid is mó (gual, aolchloch iontaiseach, mar shamplaí). Cruthaítear carraigeacha neamhorgánacha trí dheascadh ceimiceach as tuaslagáin fhorsháithithe (cuid de na haolchlocha is fosuithe galaithe, mar shampla).[1]
Carraig dhríodair | |
---|---|
Aicmiú | |
Catagóir | Mianra |
Airíonna |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Carraig dríodair". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 118.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol a bhaineann le mianra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |