Cathair Niall Ó Dochartaigh

Ollamh le Ceiltis

Ollamh emeritus le Ceiltis in Ollscoil Ghlaschú ab ea Cathair Ó Dochartaigh, ar a a dtabharfaí a chomhghleacaithe Cathal air. Rugadh i nDoire é ar an 4 Nollaig 1942 agus fuair sé bás ar an 14 Feabhra, 2015 i nGlaschú.

Cathair Niall Ó Dochartaigh
Saol
Eolas breitheDoire, 4 Nollaig 1942
BásGlaschú, 14 Feabhra 2015
Oideachas
Alma materOllscoil na Banríona, Béal Feirste
Ollscoil Dhún Éideann
TeangachaGaeilge na hAlban
an Béarla
An Bhreatnais
Gairm
FostóiríOilthigh Obar Dheathain
Ollscoil Ghlaschú

Ag 3 bliana d’aois bhog a theaghlach go Béal Feirste, áit ar fhreastail Cathair ar St Joseph's Elementary Public School (1947-53) agus ar St Malachy’s College (Coláiste Naomh Maolmhaodhóg), Béal Feirste (1953-60) sula ndeachaigh sé isteach in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste i 1960, agus bhain sé Baitsiléir Ealaíon (BA) amach san Léann Ceilteach i mí Iúil 1965. Ghlac sé saoire staidéir bliana i 1963-64 chun Gaeilge na hAlban agus an Bhreatnais a fhoghlaim, agus chaith sé ceithre mhí in Uibhist a Deas, Eilean Bharraigh agus Èirisgeigh, áiteanna ar bhailigh sé ábhar béaloidis agus canúna (ag obair i mbeár an óstáin in Èirisgeigh freisin), agus roinnt míonna in Aberystwyth.

TagairtíCuir in Eagar