Cealla eincríneacha a fhaightear in uirí an veirteabraigh, agus gá leo i gcomhair na speirmeacha a chruthú is na tréithe fireanna tánaisteacha gnéasacha a fhorbairt is a choinneáil. Tugtar cealla scáineacha orthu freisin. Suite idir na feadáin iompartha seamhain. Is é téististéarón an príomh-hormón a thálann siad, ar andraigin chumasach é, agus athraíonn a spriocorgáin é chuig hormón níos cumasaí fós, déhidritéististéarón.[1]

Cealla Leydig

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cealla Leydig". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 408.