Ceimiceáin talmhaíochta
Táirgí an tionscail cheimicigh a úsáidtear i gcúrsaí talmhaíochta. Ina measc tá leasuithe neamhorgánacha, feithidicídí, luibhicídí, cógais ainmhithe is eile. De bhrí go mbíonn baol ann go bhfaighidh na hábhair seo bealach isteach i mbia daoine, tá imní ag fás mar gheall ar a n-úsáid fhlúirseach. Mar fhreagairt, tá talmhaíocht orgánach ag teacht chun cinn go mall le glúin anuas.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceimiceáin talmhaíochta". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 127.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |