Séarlas Mór
Dob é Séarlas Mór (Laidin: Carolus nó Karolus Magnus; Fraincis: Charlemagne; Gearmáinis: Karl der Große) an duine b’éachtaí ar Eoraip le linn na Meánaoise. Rí na bhFranc ab ea é (768–814) agus lena linn, d’aontaigh sé a bhformhór d’Iarthar na hEorpa le chéile, agus leag sé síos na bunsraitheanna i gcomhair na Fraince agus na Gearmáine de chuid na linne seo.
Teacht i Réim
cuir in eagarGhabh sé ríchathaoir na bhFranc sa bhliain 768 agus rinneadh Rí na hIodáile de ón bhliain 774 ar aghaidh. Ón bhliain 800 rinneadh Impire Naofa Rómhánach de, 300 bliain roimhe sin. Tugtar Impireacht na gCairlínseach ar an stát méadaithe a bhunaigh Séarlas Mór.
Tháinig Séarlas Mór agus a dheartháir Carlomán i gcomharbacht ar a n-athair Pépin Gearr (Fraincis: Pépin le Bref) sa bhliain 768, nuair a d’éag Pépin. Ar dtús, bhí an bheirt acu ina gcomhrialtóirí ach nuair a fuair Carlomán bás go tobann sa bhliain 771, faoi imthosca gan mhíniú, fágadh Séarlas mar Rí na bhFranc gan agó.
Polasaithe
cuir in eagarFaoi réimeas an rí choinnigh sé polasaithe a athair i leith na pápachta agus chuaigh siad d'aontaobh. ag baint na cumhachta ó na Lombairdigh i dtuaisceart na hIodáile, agus i gceannas ar ionradh isteach ar na Moslamaigh sa Spáinn. Chuaigh sé i mbun feachtais freisin in aghaidh na Sacsanach san oirthear, ag déanamh Críostaithe astu ar phionós an bháis, as a d’eascródh a imeachtaí ar nós Ár Verden. Bhain Séarlas Mór barr a mhaitheasa amach nuair a chorónaigh an Pápa Leo III é mar Impire na Rómhánach Lá Nollag san Bhaisleac Ársa Naomh Pheadair.
Tionchar
cuir in eagarDe bharr na bainte a bhí ag na Frainc ar stair na Fraince, agus toisc gur chine Gearmánach iad, áirítear Séarlas Mór mar laoch náisiúnta sa dá thír úd agus baineadh mí-úsáid as mar shiombal dá bharr.[1]
Ó 1950 i leith, bronntar Duais Idirnáisiúnta Shéarlais Mhóir Aachen (ar a dtugtar an Karlpreis) gach bliain ar dhuine a chothaigh aontacht san Eoraip.
Bhí feachtais Shéarlais mar bhunús do roinnt scéalta, ina measc Gabáltas Shéarluis Máin sa Leabhar Leasa Mhóir agus Stair Sérluis Móir ag lenmain coróine Críst ⁊ taisse na naem.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Bernd Schneidmüller (2000). "Sehnsucht nach Karl dem Großen. Vom Nutzen eines toten Kaisers für die Nachgeborenen. Die politische Instrumentalisierung Karls des Großen im 19. und 20. Jahrhundert". Geschichte in Wissenschaft und Unterricht (51): 284–301.
- ↑ Carl Marstrander (1911). "Sechrán Na Banimpire". Ériu 5: 161.