Charles Augustin de Coulomb

fisiceoir Francach

Fisicí a rugadh in Angoulème na Fraince ab ea Charles Augustin de Coulomb (14 Meitheamh 173623 Lúnasa 1806). Rinne sé taighde ar fhrithchuimilt, agus cheap an toirsiúnmeátán an-íogair chun na fórsaí aomtha leictreacha is maighnéadacha a thomhas. Chruthaigh sé dlí Coulomb i 1785: bíonn an fórsa idir dhá lucht leictreacha díreach i gcomhréir le hiolrú na luchtanna, agus i gcomhréir inbhéartach leis an bhfad eatarthu cearnaithe. Más iad p is q an dá lucht, agus d an fad eatarthu, is é an fórsa eatarthu F = p q/(4 π ε0 d2), agus is tairiseach ε0 (= 8.854 × 10-12 N m2) a dtugtar ceadaíocht saorspáis air. Bíonn an fórsa seo dírithe ar feadh na líne idir na luchtanna, i dtreo a chéile (aomadh) más luchtanna neamhchosúla iad, amach ó chéile (éaradh) más luchtanna cosúla iad. Ainmnítear aonad an luchta leictrigh, an cúlóm, as.

Charles Augustin de Coulomb
Charles de coulomb.jpg
102. uachtarán

1801 - 1801
Claude Louis Berthollet - René Just Haüy
Saol
Eolas breitheAngoulême, 14 Meitheamh 1736
NáisiúntachtFrainc
BásPáras, 23 Lúnasa 1806
Muintir
Céile/Céilíluach ar iarraidh
Oideachas
Alma materCollège des Quatre-Nations
École royale du génie de Mézières
Teangachaan Fhraincis
Gairm
Gairmfisiceoir, innealtóir, oifigeach míleata, innealtóir comhraic agus saighdiúir
Áit oibreMartinique agus Páras
Saothar iomráiteachCoulomb friction (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtAcadamh na nEolaíochtaí
Céimsaighdiúir